Jump to content

Latharna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilLatharna

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54° 51′ 06″ N, 5° 48′ 48″ O / 54.8517°N,5.8133°W / 54.8517; -5.8133
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann
Contae i dTuaisceart na hÉireannContae Aontroma Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán18,853 Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistBT40 Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód028 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Logainm.ie1411592
Suíomh gréasáinlarne.gov.uk Cuir in eagar ar Wikidata

Baile calafoirt i gContae Aontroma is ea Latharna (Béarla: Larne).[1] Bhí cónaí ar 18,228 daoine de réir na bhfigiúirí ó dhaonáireamh na Ríochta Aontaithe i 2001 (agus timpeall 30,000 duine ina gcónaí i gceantar Latharna).

Tá calafort ann, nasctha le Machair an Sgithich in Albain.

2025: Ionsaíodh an t-ionad fóillíochta i Latharna

Is é an Protastúnachas (80%) an príomhreiligiún. Ar an 11 Meitheamh 2025, ionsaíodh an t-ionad fóillíochta i Latharna, gortaíodh póilíní agus b’éigean mná agus páistí a thabhairt amach cúldoirse.[2] (Tharla an t-aighneas, nuair a sheol Gordon Lyons, an tAire Pobal in Stormont, teachtaireacht ar Facebook a deir seisean a bhí ag soiléiriú go raibh daoine a fuair tearmann san ionad fóillíochta i Latharna ansin imithe as. Níor ghlaoigh sé íobartaigh ar na daoine ab éigean a aistriú mar gur ionsaíodh a dtithe).[3]

Is é Lartharna príomhbhaile Chomhairle Buirg Latharna. Is mar chuid de Thoghcheantar Aontroma Thoir é mar aon le Carraig Fhearghais agus Baile na Mainistreach fá choinne olltoghchán do Pharlaimint Westminster agus do Chomhthionól Thuaisceart Éireann. Tá Latharna nasctha le Clover, South Carolina sna S-A.

Tá go leor foirgneamh suntasach ann, m.sh. Caisleán Olderfleet agus an Leacht Cuimhneacháin Chaine, macasamhail den Túr Cruin Gaelach Traidisiúnta.

Ba ríocht bheag áitiúil é Latharna tráth dá raibh. Thoisigh daoine ag cur an ainm seo ar an bhaile fhéin amháin cúpla céad bliain ó shin. Roimhe sin thugtí Inbhear an Latharna ar an bhaile bheag. Thugeadh lucht an Bhéarla Inver Larne nó go simplí Inver ar an áit chearna. An t-ainm ba shine do Loch Latharna ná Loch Ollarbha nó Inbhear nOllarbha, rud a tharrans bho Ollarbha a bhíodh ina ainm ársa ar an dobhar.

Le linn an 18ú haoise d’imigh cuid mhór daoine ar imirce go Meiriceá fríd an bhaile. Tá dealbh cuimhneacháin ina sheasamh i bPáirc Smiley in ómós don Friends Goodwill, .i. an chéad long imirce a seoladh ó Latharna i mí na Bealtaine 1717 agus é ar a thriail go Bostún sna Stáit Aontaithe. Is urrainn nascanna fada buana Bostúin le hÉirinn a rianú chuig Latharna.

Mar aon le hiarthar agus le deisceart na hÉireann bhí drochthionchar ag an Ghorta Mhór ar an bhaile i lár an 18ú haoise. Bhí sé mar áit a sheas amach i gcodarsnacht le contaetha Aontroma, an Dúin, Lú, Átha Cliath, agus Chill Mhantáin thoir.[fíoras?]

I 1914, d’ulmhaigh Dílseoirí a bhí curtha i gcoinne an Bhille Rialtas Dúchais 1914 le haghaidh frithbheartaíochta armtha. Tabhairt i dTír na nGunnaí i Latharna an téarma a thugtar ar thréimhse inar iompraíodh armáin agus lón lámhaigh ón Ghearmáin isteach chuig an chalaphort ar an bhaile i lár na hoíche, dáileadh iad ar fud Uladh.[4]

Féach freisin  

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ↑ “Latharna/Larne | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. ↑ "Larne: Man speaks of fear during rioting at NI leisure centre" (en-GB). www.bbc.com (2025-06-12). Dáta rochtana: 2025-06-16.
  3. ↑ Póilín Ní Chiaráin (15 Meitheamh 2025). "Bithiúntas ciníoch atá ann agus meatacht is ea é aon rud eile a rá" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-15.
  4. ↑ A. T. Q. Stewart: "The Ulster Crisis", London, Faber and Faber Ltd., 1967 SBN 571 08066 9