Irish Independent
| Cineál | nuachtán laethúil |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Teanga | Béarla |
| Am tosaigh | 1905 |
| Bunaitheoir(í) | William Máirtín Ó Murchadha |
| Úinéir | Independent News & Media |
| Áit a fhoilsithe | Baile Átha Cliath |
| Tréith | |
| Formáid nuachtáin | dlúth |
| Aitheantóirí | |
| ISSN | 0021-1222 |
| Suíomh | independent.ie |
Nuachtán laethúil Béarla in Éirinn is é an Irish Independent. Is i mBaile Átha Cliath atá sé bunaithe. Ar dheis ón lár atá sé lonnaithe ó thaobh na polaitíochta de. Tá gaol aige leis an nuachtán Domhnaigh The Sunday Independent agus The Herald.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2019 ghlac INM, ar leo an Irish Independent, le tairiscint ón ngrúpa ón mBeilg Mediahuis leis an gcomhlacht a cheannach ar €145.6 milliún.[1][2]


Iriseoireacht i nGaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhíodh altanna rialta Gaeilge ann sna seachtóidí.[3] Bhí sé amuigh ar Independent News and Media sna 2000í go rabhadar naimhdeach i leith na Gaeilge, agus feachtas binbeach acu i gcoinne bhunú Theilifís na Gaeilge m.sh.[4][5]
Foinse (2009–2013)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fógraíodh sa bhliain 2009 go mbeadh leagan nua den nuachtán Foinse, a bhain cáil amach ó bunaíodh é, á dháileadh in éineacht leis an Irish Independent gach Céadaoin. Fiontar a bhí ann nár tugadh faoina leithéid roimhe.[6][5]
Shaothraigh an socrú brabach don dá nuachtán "trí cur le líon na léitheoirí agus ioncam breise fógraíochta a ghnóthú dá réir."[6] Bhí sé ina bhealach freisin chun glúin úr léitheoirí a mhealladh mar áis foghlamtha.[5] De réir tuairiscí bhíodh ardú suntasach sa díolachán Dé Céadaoin de thairbhe Foinse a bheith ann.[7]
Nuair a cuireadh deireadh le Foinse mar nuachtán clóbhuailte sa bhliain 2013, ní raibh ach tuairim is coicís ann sula raibh foireann nua eagraithe le foilseachán nua a chur le chéile ina áit.[6][4]
Seachtain (2013 i leith)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Déantar dáileadh ar Seachtain, foilseachán Gaeilge faoi úinéireacht Mediahuis, in éineacht leis an Irish Independent uair sa tseachtain ó shin i leith, ar an gCéadaoin.[8] Foilsíonn sé scéalta nuachta, spóirt, gné-ailt agus ailt nach iad.[9]
Ní fhaigheann sé deontas ón stát agus "maireann sé ar chúiseanna tráchtála."[10] B'í Seachtain an t-aon nuachtán clóbhuailte Gaeilge dá raibh ann ar feadh os cionn deich mbliana, go dtí gur bunaíodh An Páipéar sa bhliain 2024.[11] Dúirt eagarthóir an Irish Independent Cormac Burke sa bhliain 2024 gur léirigh Seachtain go bhfuil an Indo "go mór i bhfách leis an nGaeilge".[12] Is léiriú é Seachtain ar athrú meoin san eagraíocht dar le Ciarán Dunbar.[13]
Bunaíodh Podchraoladh Seachtain in 2024 mar chuid de sholáthar Gaeilge an Irish Independent.[14]
Sa bhliain 2026 tháinig laghdú ar thoirt Sheachtain ó 16 leathanach go 12. Is i rith Sheachtain na Gaeilge a tháinig an laghdú seo.[nóta 1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh oifigiúil: independent.ie
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "INM le díol le comhlacht ón mBeilg ar €145.6m". Nuacht RTÉ (30 Aibreán 2019). Dáta rochtana: 15 Iúil 2025.
- ↑ Laura Slattery (27 Nollaig 2019). "2019 sees Belgians snap up INM as challenges persist for media industry" (as Béarla). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-06-06.
- ↑ Breandán Delap (Samhain 2006). "Go leor le baint amach go fóill ag na meáin Ghaeilge". Beo! (67).
- 1 2 Conchubhar (2013-09-26). "Shock horror! Independent publishes its own Irish language news supplement" (en). Slugger O'Toole. Dáta rochtana: 2025-07-15.
- 1 2 3 Breandán Delap (Nollaig 2009). "Na Nuachtáin Nua". Beo! (104). Curtha i gcartlann 2025-10-17 ar an Wayback Machine
- 1 2 3 Breandán Delap (Deireadh Fómhair 2013). "An bhFuil Pobal Léitheoireachta Gaeilge Ann?". Beo! (150).
- ↑ Uí Chollatáin (2011), lch 58.
- ↑ Oifig an Choimisinéara Teanga (Aibreán 2025). "Na Meáin Ghaeilge": lch 2.
- ↑ "‘Seachtain’ – Ireland’s only Irish language newspaper" (as Béarla) (30 DF 2013). Irish Independent.
- ↑ Ciarán Dunbar (13 Márta 2014). "Bua seachas cúlú siar". Meon Eile. Dáta rochtana: 2025-07-15.
- ↑ Ciarán Dunbar (16 Deireadh Fómhair 2024). "Nuachtán nua le seoladh ag an Oireachtas". NÓS. Dáta rochtana: 2025-07-15.
- ↑ "Tessa Fleming chun podchraoladh nua Seachtain a stiúradh". Seachtain (06 Márta 2024). Dáta rochtana: 2025-07-15.
- ↑ Ciarán Dunbar (5 Samhain 2025). "Is breacadh lae úir an tOireachtas do chathair Bhéal Feirste". Seachtain: lgh 6-7.
- ↑ "Gradam óir bronnta ar An Post agus podchraoladh Seachtain" (13 Bealtaine 2026). Seachtain: lch 3.
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ c.f. eagrán 11 Márta 2026 le hais cheann 04 Márta 2026